Scoil: Ceapach Chuinn (B.) (uimhir rolla 1936)

Suíomh:
Ceapach Choinn, Co. Phort Láirge
Múinteoir:
Proinnsias Ó Laoghaire
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0637, Leathanach 73

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0637, Leathanach 73

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Ceapach Chuinn (B.)
  2. XML Leathanach 73
  3. XML “Scéal ar Phetticoat Loose”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Scéal ar Phetticoat Loose
    Bhí fear sa Chaisleán Nua, Muiris Ó h-íceadha a bhí air. Bhí sé ag teacht ó Cluain Meala oidhche agus capall is trucaill aige. Ghaibh sé tar bhean ar an mbóthar, agus stad se an capall.
    "An bhfuil tú ag dul i bhfad?" ar séasean.
    "Nílim ag dul ró-fhada," ar sí sin.
    "Má seadh féin, suidh isteach," ar séisean.
    Shuidh, agus ba ghairid a cuadar nuair bhí an capall ag tuitim cortha air.
    "Ní fheadar an domhan cad atá ar an gcapall: ní fheaca mé riamh é mar athá sé," ar séisean.
    "Ó is beag an t-ionghantas é sin," ar sí sin, "agus an meádhchant atá air. Tá cúig thonna méadhchaint ionnam-sa," ar sí sin, "ags miseach t'fheabhas féin d'fhear bhí deire leat. Nuair ragaidh tú abhaile anois, scuir an capall agus scaoil isteach sa stábla é: beidh caillte ar maidin. Agus" ar sí sin, "na bí déanach ar an mbóthar so arís, nó is cuimhin leat," Bhí an capall caillte sa stábla ar maidin
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Seán Ó Drisceóil
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Ceapach Choinn, Co. Phort Láirge
    Faisnéiseoir
    Labhrás Ó Cadhla
    Gaol
    Ní fios
    Inscne
    Fireann
    Aois
    48
    Gairm bheatha
    Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Ceapach Choinn, Co. Phort Láirge