Scoil: Leath-árdán

Suíomh:
Leathardán, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
Máirtín Ó Ceallaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0150, Leathanach 3

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0150, Leathanach 3

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Leath-árdán
  2. XML Leathanach 3
  3. XML “Tobar Naomh Finánn”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Tá tobar naomhtha, beag, deas suidhthe í mbaile Bófeenaun. Tugtar tobar Naomh-Finánn ar an tobar seo. Téigheann go leor daoine go dtí an tobar sin gach samhradh ag déanamh turas naomhtha chun onóir a thabhairt do naomh-Finánn.
    Téigheann na daoine thart timcheall an tobhair trí h-uaire, agus deireann siad Urnuighe na Tíghearna, seacht n-uaire, Fáilte an Aingil seacht n-uaire, agus Glóire go nAthair seacht n-uaire.
    Tá abha beag in aiche an tobair, agus nuair a bhíonn an turas naomhtha déanta achu, téigheann siad go dtí an abhainn, agus nígheann siad a néadain, agus a lámha ann.
    Nuair a bhíonn an méid sin déanta achu, téigheann siad go dtí an tobar arís, agus ólann siad cuid de'n uisge.
    Má thósuigheann an tobar ag fuichadh deireann na daoine go mbíonn tairbhe as an turas naomhtha sin.
    Fágann na daoine earraidhe beaga ar an Áltóir, agus tá an áltóir sin thart timcheall an tobair.
    Tá sean mainistir ar an taobh thiar de'n tobar.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Idhe Ní Corcráin
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Cafuaile, Co. Mhaigh Eo