School: Droimslaod (roll number 9898)
- Location:
- Droim Slaoid, Co. Mhaigh Eo
- Teacher: Maire, Bean Mhic Suibhne
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Droimslaod
- XML Page 248
- XML “Pósaithe”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)ní thiocfadh leat iad a dhéanamh amach nó a aithneadh. Bíonn fear beag cleveráilte leobta agus culaith mna, mna tighe air agus uchtán féir ceangailte thiar ar a dhruim le cruit a chur air agus shawlin beag dubh suarach air taobh amuigh de sin. Leigeann sé ar féin go mbíonn sé bacac. Shilfea nach mbeadh sé beo uair a chluig. Cuireann siad an buachaillín seo ag damsu leis an fear óg. Mar dtugadh an fear óg aire maith do féin leagfadh an buachaillín seo é. Ní leagfa sé é tá sé ráidhte nach gheobhfaidh an fear óg saoghal fada.Bíonn fáilte mór rómpa ag cuid de na daoine agus daoine eile ní leigfidh siad isteach chor ar bith iad. An teach nach leigfidh isteach iad dóigheann siad a cuid hata gar don teach le mí-ádh a chur ortha. Bíonn sean duine mór leobta a chuireann siad ag damsú leis an bhean óg.Nuair atá siad ag dul a pósadh ma castar bean ruadh leobta ar an bothar níl sé go maith. Má tá sí cosnoctuighthe tá sé seacht nuaire níos measa.
- Collector
- Mell Níc Suibhne
- Gender
- Female
- Informant
- Mícheál Mac Ceamharcaigh
- Gender
- Male
- Age
- 82
- Address
- Talach, Co. Mhaigh Eo