Scoil: Grianán (uimhir rolla 13178)
- Suíomh:
- An Grianán, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Máiréad Bean Uí Riagáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Grianán
- XML Leathanach 203
- XML “Ainmhithe Allta”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- 203
Ainmidhthe Allta
Tá an sionnac, an coinín agus an giarrfiadh ins an gceanntar seo. Comnuidheann an coinín i poill darbh ainm coinigéar agus itheann sí cabáisté agus gach sort glasaraí. I bpoll ins an talamh a comhnuidheann an sionnac ins an scoill agus itheann sé sicíní, cearca agus cait.
Seo sgéal i dtaobh sionnaigh. Bhí Loc Con reodhta uair amáin agus cuaidh sionnac treasna an loca go dtí “Bill-berry Island”. Annsin do leathadh an leac-oidhre agus ní raibh sé in anndul trasna an loca mar ní raibh snámh aige, agus d’fan sé ar an oileán. (agus nuair) Aon lá amhain thainig bád go dtí an oileán agus nuair a connaic an sionnac é do luigh sé ar bruach an locha. Tháinig an fear i dtír ón mbád agus connaic sé an sionnac. Ceap sé go raibh sé marbh. Caith sé ins an mbád agus cuaidh sé abhaile. Nuair a shrois sé an talamh do léim an sionnach amach as an mbád agus as go bráth leis.
Cairtín Ní hEalaigh, (V)
Ponc-Abhann
Béal Easa
Fuaireas an t-adhbhar seo ó
Maitiú Mac Éil
Doirín,
Béal Easa- Bailitheoir
- Caitlín Ní hEalaigh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Pontún, Co. Mhaigh Eo
- Faisnéiseoir
- Maitiú Mac Éil
- Gaol
- Ní fios
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Doirín, Co. Mhaigh Eo