Scoil: Grianán (uimhir rolla 13178)
- Suíomh:
- An Grianán, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Máiréad Bean Uí Riagáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Grianán
- XML Leathanach 190
- XML “Seanscoileanna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Sul má cuireadh na Scoileanna Naisiúnta ar bun do bhí sgoileanna scairte san áit seó. Ins an samhradh nuair do bhíodh an aimsear go bréagh agus an grian ag taitneamh is amuigh faoi'n aer do bhíod an sgoil ar siubhal aca. Act ins an ngeimhreadh nuair do bhíodh an aimsear fuair isn istigh i scioból do bíodh siad.
Do bhí ceann des na sgoileanna sin ins an mbaile seo. i scioból Sheain Mic Rabhlaigh agus tá an scioból sin ann fós. Do bhí ceann eile i nGríanan i sciobol, agus tá an scioból sin ag Máire Nic Domhnaull anois.
Bhí fear darbh ainm Conmhaidh ag múineadh na bpáiste. Ní h-iarradh an múinteóir aon airgead ar na páistí acht dob é an págh a thug siad dó ná - do theigeadh sé tamaill le gach paistí a bhí ag dul ar sgoil agus cuireadh sé faoí annsin ar fead cúpla oidhche agus do bhíodh orra biadh agus loisdín a thabairt dó.
Is e an Gaedilg a bhí 'gá labairt ag na muinteóirí de gnát agus múintí na h-adhbhair trí Gaedilg, agus dob é an teanga Gaedilg ba gnátach le na páistí a labhairt. Do bhí slinnte ag na páistibh sgoile cun sgrioad ortha agus do bhí labar Gaedilge agus leabar Béarla ar an muinteóir agus do leigeadh an múinteóir na ceachtanna as le h-aghaid na bpáistí.
Dob iad na suidheacháin a bhíodh aca ná stumpa mór trom de dair agus gius portaigh agus tá cuid(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Bríghidh Ní Chuimilín
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Gort, Co. Mhaigh Eo
- Faisnéiseoir
- Áine Bean Uí Cuimilín
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Baineann