School: Carraig an Chabhaltaigh (C.)
- Location:
- Carrigaholt, Co. Clare
- Teacher: Bríd, Bean Uí Chatháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)agus dubhairt sé go raibh. I gcionn bliadhna tháinig an bhean ag go ndeaghaidh sé sa leabaidh chúiche. Ghabh sí an bóthar agus mac óg aici, agus ceithre cinn de caipaillibh dá tarraingt. Níor sdtad sí riamh na choidhche, go dtáinig sé isteach go dtí an rí go raibh an fhiolair aige a thug an buachaill anonn trasna. Nuair a tháinig sí do lorg sí lóistín agus dubhairt bsé go bhfaigheadh ach ná raibh aon stábla aige dá cuid capall. "Luigdis cois a' claig=dhe " ar sí "mar is ann is mó atá tathaige aca". Nuair a bhí sí ag imtheacht, ar maidin, bhí an bollóg ar a' mbord; d'fhiafruigh sí dhe cá bhfuair sé an bollóg san. Dúbhairt sé léithe gur búchaill a bhí dul go Gáirdín Muiréain d'fhág an bollóg san aige ar a casadh dó. "Liom-sa sead an bollóg san" adubhairt sí. Chuir sí tuairisc a bhúcalla annsan, a ainm agus a shloinne agus cár chóinnuig sé. D'imigh sí léithe annsan, go dtáining sí go dtí an tarna dearbráthair. Lorg sí lóisitín ar sin agus fuair. Dúbhairt sé na' raibh aon stábla aige dá cuid capall. Chonnaic sí an buidéalar a mbord agus dúbhairt sí "Is liomsa é sin™. Thus sí léithe an buidéal. Chuir sí tuairisc a bhúcalla, annsan, a ainm agus a shloinne, agus an rud ceanna dubhairt an fear eile léithe, dubhairt sé siud léithe. D'imthigh sí léithe annsan go dtáinig sí go dtí an chéad fear do dtáinig an buachaill chuige. D'iarr sí lóistín agus fuair sí é ach ní raibh aon stábla aige dá cuid capall. Chonaic sí bosca snaoisín ar a mbord agus dubhairt sí "is liomsa é sin". Dúbhairt an cailleach léithe "fág agamsa é sin". "Ar mo casadh(continues on next page)
- Collector
- Cait Ní Maoldomnaig
- Gender
- Female
- Informant
- Seán Ó Loingsigh
- Gender
- Male
- Age
- 70
- Address
- Carrigaholt, Co. Clare