School: Carraig an Chabhaltaigh (C.)
- Location:
- Carrigaholt, Co. Clare
- Teacher: Bríd, Bean Uí Chatháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí rí in Éirinn fadó'na raibh tríur mac aige; thuit sé tinn agus siúl sé morán id iarraidh leighis a d'fhaghail: Do tabdhbhrigheadh dó dá bhfaigheidh sé úl le n-ite as gairdín Mhuireáin go leigheasaidh sé é. "Raghaimid-ne i lorg an úl sin, ach tabhair dúinn ár ndóithin d'airgead", adúirt an té ba shine d'en chloinn. Fuaireadar sparán maith d'airgead, annsan ó n-a nathair, agus d'imigh an beirt ba shine aca chun a bhóthair go ndeigheadhar go dtí an baile mór ba ghiorra dhóibh; d'fhanadar annsan ag caitheamh and airgid: ní raibh aon tuairisc beó ná marbh a teracht uatha.
"Bhail" adúirt a tríur mac, leis a rí, " a dtabhairfaidh tú fiu fiche púnt domsa agus raghaidh mé a lorg un úl sin agus ní dtiocfaidh mé arais gan é." Nuair a fuair sé an t-airgead annsóin, d'imigh sé chun síúl: Bhí se ag síul nó go raibh an óiche teacht air agus é in áit iasachta. Do Chonnaic sé solas i bhfad uaidh agus go ghabháill sé air: bhí rí na chonndae ann agus bhí fear ag geata cúirte an rí agus d'fhiafraigh sé d'en bhuachaill cá raibh sé ag dul. "Táim ar tuairisc lóistín na h-óiche" adúirt sé. Chuaidh fear a gheata isteach agus d'innis do'n rígh go raibh fear amuigh i lorg lóistín na h-oídhche . "Abair leis teacht isteach," adubhairt(continues on next page)- Collector
- Cait Ní Maoldomnaig
- Gender
- Female
- Informant
- Seán Ó Loingsigh
- Gender
- Male
- Age
- 70
- Address
- Carrigaholt, Co. Clare