Scoil: Carraig an Chabhaltaigh (C.)
- Suíomh:
- Carrigaholt, Co. Clare
- Múinteoir: Bríd, Bean Uí Chatháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)an rí: an uair a chuaidh sé isteach, d'fhiafraigh an rí dhe cá raibh sé a dul. "Táim a dul" adubhairt sé, " go dtí Gairdín Muireain, pé páirt den domhan na bhfuill sé". "Níl a fhios agam-sa cá'l sé": dubhairt an rí ach fan go maidin; tá trí cead eán agam-sa agus an uair a sheidfidh mise, fideóg ar (fad chuige: dhfiafru) maidin tiocfaidh siad san ar fad chugann. Annsan, nuair a shéid sé an fideóg ar maidin tháinig na h-eanlaithe ar fad chuige: D'fhiafraigh sé dhíobh a raibh aon tuairisc aca ar Gairdín Muiréain agus dubhradar leis nár airigheadar riamh aon trácht ar a leithéid sin d'ait. "Bhail", a dubhairt an rí, tá dearbráthair agamsa 'na bhfuil a dá oiread éanlaithe aige liomsa agus tabhairfidh mise litir dhuit chuige sin anois". D'imigh sé an bóthar annsan agus bhí sé a síubhal no go bhfuair sé amamch é. Nuair a chuaidh sé go dtí an ngeata cuirte an rí, bhí beirt fhear roimhe ann agus d'fiafraigeadar de chá ribh sé a dul. Tá teachtaireach agam don rígh atá annsan istigh adubhairt sé. Annsan thi=ug sé an litir d'fhear a geata; thug sé sin isteach go dtí an rí í agus nuair do leigh sé í, chuir sé fhios amach ar mhac a' ríogh. An uaiu a tháinig sé isteach d'fhiafraigh an rí de cá raibh sé ag dul. " Táim a dul ar tuairisc nGairdín Mhuiréain" ar sé, "pé áit den domhan 'na bhfuil sé". Níor airigeas ríoimh aon trácht air an áit sin, adubhairt an rí, fan go maidin adubhairt sé. Tá and dá oiread éanlaithe agamsa liom deárbráthair eile", adubhairt sé, agus mara bhfuil aon tuairisc acasan air, níl a fhios agam cál sé. Nuair a shéid sé feideóg ar maidin, tháinig gach aon ceann(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Cait Ní Maoldomnaig
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Loingsigh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 70
- Seoladh
- Carrigaholt, Co. Clare