Scoil: Carraig an Chabhaltaigh (C.)
- Suíomh:
- Carraig an Chabhaltaigh, Co. an Chláir
- Múinteoir: Bríd, Bean Uí Chatháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)acu de' na n-eanlaithe chuige. D'fhiafraigh sé dhíobh a raibh aon tuairisc acu air gáirdín Mhuiréan agus dubhradar na' raibh. " Tabhraidh mise litir dhuit" ar sé, "dom dearbráthair eile agus is fear millteach é. Tá trí n-oiread eanlaithe aige-sean liomsa. D'imigh sé chun síubhail agus bhí sé ag imteacht nó go raibh an óiche a teacht air. Sul ar thiut an óiche air, chonnaic sé teach i bhfad uaidh. Dén sé ar a dteich, nuair a chuaidh sé go dtí an ngeata bhí seisear roimhe ann: d'fhifraigheadar de, cá raibh sé a dul. "Táim a dul isteach go dtí an rí atá sa teigh sin istigh" arsa mac an ríogh. Dúbhairt fear aca leis na' raibh aon rud a fhágáil aige dul chuige sin isteach go mairbhócadh sé é. "Tabhair an litir seo chuige " adubhairt sé. Nuair a léigh sé an litir chuir sé fios amach air. An uair a tháinig sé isteach, d'fiafraigh an ri de cá raibh sé a' dul. " Táim a dul go dtí Gairdín Mhuiréain pé áit de'n domhan 'na bhfuil sé" arsa mac a' ríogh. " Fan go maidin" adubhairt sé. Nuair a tháinig an mhaidin shéid an rí an fhidéog tamall an]mach sa lá. Tháinig na n-éanlaithe le chéile chuige ach amháin ceann. D'fhiafraigh sé dhíobh a raibh aon tuairisc ar Gairdín Mhuiréain aca. Dubhradar na' raibh. I gcionn leathuaire a chloig tháining an ceann a bhí siar o cianaigh. D'fhiafraigh an rí de cad a choinnaigh amuigh é i ndiaidh an cuid eile. " Bhí níos dia le teacht agam-sa na gallearg mara a bhí aca-san" adubhairt sé. " Cén páirt den domhan air eirig tú an uair a bhí tú a' teacht?" adubhairt sé. " D'eirig mé de claidhe Gairdín Muiréain", adubhairt sé. Tusa(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Cait Ní Maoldomnaig
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Loingsigh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 70
- Seoladh
- Carraig an Chabhaltaigh, Co. an Chláir