School: Carraig an Chabhaltaigh (C.)

Location:
Carrigaholt, Co. Clare
Teacher:
Bríd, Bean Uí Chatháin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0633, Page 103

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0633, Page 103

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Carraig an Chabhaltaigh (C.)
  2. XML Page 103
  3. XML “Mac Baintrí”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. 103
    Mac Baintreach
    Bhí buachaill agus a mháthair 'na gcomhnuidhe i n-aon tigh amháin. Bhí paiste breágh talmhan aige, agus bhí sí sínte le talaimh bodaire mhóir. Bhíodh a chíos díolta, glan i gcomhnuidhe aige, agus do bhuail sainnt an bodaire seo chun a chuid talmhan fhagháil.
    Níor ró-fhada chun a dtáinig an seirriamh agus báille agus beirt phíleirí chun a chur amach as a theich agus a áit. D'fhiafruigh sé annsan díobh, "cad ata uaibh".
    Tá uainn tú cur as seilbh," a dubhadar. D'iompaigh sé isteach a's fuair sé arm teine.
    Nuair tháinig sé amach do lámhaigh sé an seirriamh, an báille agus píléir agus thug an píleir eile na cosa leis.
    Fuair sé a chapall agus chuaidh sé ar a dhrom agus d'imthigh sé chuig siubhail.
    Nuair a tháinig an oidhche
    do thóg sé lóistín, agus annsan, ar maidin, d'imthigh sé an bóthar arís. Rángaid do gabháil trí baile mhór agus an lá san aonach capall annsa mbaile mór san.
    Dhíol sé an capall agus d'imthigh sé 'na cois annsan. I siubhal oidhche 'seadh bhíodh sé, annsan theigheadh sé i bhfolach annsa lá, mar d'airigh sé tracht na siubaltaibh ar na daoinibh seo bhí marbh.
    Bhí sé ag tríall leis nó go ndeachaig sé chomh fada le Gaillimh agus do chuaidh sé tamaill maith isteach i nGaillimh.
    Nuair a thuit an oidhche air do bhuail...
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Brighid Ní Mhathghamna
    Gender
    Female
    Informant
    Seán Ó Loingsigh
    Gender
    Male
    Age
    70
    Address
    Carrigaholt, Co. Clare