School: Carraig an Chabhaltaigh (C.)
- Location:
- Carrigaholt, Co. Clare
- Teacher: Bríd, Bean Uí Chatháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Carraig an Chabhaltaigh (C.)
- XML Page 077
- XML “Progaí”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí feirmeóirann fadó, bhí trí bliana riariste air. Cailleadh cuid mór dá chuid stuice. Bíodh sé a' dhíol ceann anois agus arís ach bhí sé a dhíol nó go raibh sé i gcruth aon bhó amháin sa deireadh. Peig a bhí ar a bhean. "Cad a dhéanfaimid anois, a Pheig" adúbhairt sé "nuair nach bhfuil againn ach aon bhó amháin". "Cad a dheanfá?" adubhairt Peig "ach i a dhíol agus sé an t-seift deidheamhnach i dhíol".
Ba é arudh an bhó so peata agus 'sé an ainmn a bhí uirthe ná "Prógaí". "Tá drom mo thop-cot scaoilte" adubhairt Domhnall agus faigh snáthadh is snáth is cuir greim ann. An uair a bhí sé ag imteacht go dtí an aonach annsan ar maidin agus é seoladh na bó amach an t-sráid, tháinig a bhean amach agus dubhairt sí "Mo ghrádh thú a Phrógaí bhocht, 'sé an feall tú dhíol". D'imtigh sé a' thriall ar an aonach annsan. Sul a ndeaghaidh sé go dtí an aonach, casadh teach tighearna talmhan leis go mbítí ag bailiughadh ciosa ann agus bhí sé ar láir le bliadhanta agus feár bhréagh fada a fhás ar áit a tighe. Bhí geata iarainn teas-amuigh dhe. Nuair chuaidh sé chomh fada leis d'oscail sé é agus scaoil sé an bhó isteach leithí greim ithe. Shuidh sé síos ar áit a tighe. "Is cruaigh gá fuil a tríomadh cuid d'en airgead againn a bailigheadh annsa teích seo bliadhanta ó shoin" adúbhairt sé.(continues on next page)- Collector
- Áine Dé Róiste
- Gender
- Female
- Informant
- Seán Ó Loingsig
- Gender
- Male
- Age
- 70
- Address
- Carrigaholt, Co. Clare