School: Carraig an Chabhaltaigh (C.)

Location:
Carrigaholt, Co. Clare
Teacher:
Bríd, Bean Uí Chatháin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0633, Page 072

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0633, Page 072

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Carraig an Chabhaltaigh (C.)
  2. XML Page 072
  3. XML “Ceithearnach an Chuibhrinn”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Lá dá laitheanntaibh dár bhuail Ceithearnach amach ar fuaid a rioghachta. Thug sé a aghaidh ar Lios na Falainge, bhí an Sluagh Sidhe ann roimhe agus iad a seinm ceoil; dhéaluig an Ceathearnach isteach, agus do rug leis iníon riogh Sliogigh agus d'imigh sí i n-éineacht leis abhaile. Níor labhair sí aon fhocal cainnte leis go cionn bliadhna. Annsan, do chuaidh an Ceithearnach fá dhéin Lios na Falainge arís. Bhí an Sluaigh Sidhe ann roimhe agus iad ag seinm ceoil is ag innsint scéalta dá chéile. "Bliadhain sa lá inniu" arsa duine aca, "seadh do rug Ceithearnach a'Caoithrinn iníon ríogh Sligigh uainn". "Cad é an maith dhó" arsa duine eile aca, "óir ná bhfuil aon fhocal cainnte aici dó". "Is fuirist é sin a leigheas" arsa duine eile aca, "mar dá n-ólfadh sise trí braona as a gcorn dighe seo againne do bheadh a cainnt aici comh maith is do bhí aon lá riamh".
    Dhéaluig an Ceithearnach isteach agus do sciob leis a' t-éadach cláir sa raibh ann, agus do rug leis abhaile é, agus thug trí braoin as a gcorn dighe le h-ól d'iníon ríogh Sliogadh. Ní túisce bhí ólta aici ná go raibh a cainnt aici chomh maith is
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0564: The Magic Providing Purse and “Out, Boy, out of the Sack!”
    AT0990*: A Merchant's Son Finds the Princess Wounded in a Coffin
    Language
    Irish
    Collector
    Brighid Ní Aongusa
    Gender
    Female
    Informant
    Seán Ó Loinghsigh
    Gender
    Male
    Age
    70
    Address
    Carrigaholt, Co. Clare