School: Carraig an Chabhaltaigh (C.)
- Location:
- Carrigaholt, Co. Clare
- Teacher: Bríd, Bean Uí Chatháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Carraig an Chabhaltaigh (C.)
- XML Page 046
- XML (no title)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
(no title) (continued)
“Bhí triúr Tuatha De Danann na gcómhnaidhe i gCill Bheatach fadó...”
(continued from previous page)46
Díreach agus íad ag deanamh isteach air mhúch an choineal mar bhí deire leis agus chonnacadar an phiast ag deanamh ortha. Ó Dia linn ars an bhfear, tá deire linn. Níl ars an cailín, má bhfuil de mhisneach agatsa agus chuir sí an fear ar deire an charraig agus thug sí fáinne dó, ag rádh leis an Fáinne do chaitheamh isteach i mbeul na péiste nuair thiocfadh se suas leó. nuair tháinig se bhí a bhuel oscailte chomh mór sin aige gur cheapadar go raibh sé chun íad féin agus an churrach do shlogadh acht chaith an fear an Fháinne siar na beul agus phléasc sé.
Anson, chuadar siar an bóthar go Breannán agus mharbhuigheadar fo sásta ann. Acht nuair a tháinig na fathaigh abhaile agus an cailín óg imthighthe, cé gur bhuaidh siad ar na namhaid. Bhí an oiread sin de bhrón agus cathughadh orthu, gur rugadar ar lámhaibh a chéile agus siar leó go Aill na gCreach agus chaitheadar íad féin insteach na bhFairrge.
I gCill Beathach, ta cathar Sál ar an dtaobh thuaidh agus Dún Daláin ar an dtaobh teas agus siar uatha ta an cróchán agus ta oileán na gCapall taobh le Dún Daláin.
Bríghid Bn Uí Chatháin.
Fuaras an sgeul seo ó Eamon Ó Gormán Rath Úna
Carraig a 'Chabhaltaigh
(timcheall 60 bliadhain daois anois)- Collector
- Brigid Bean Uí Chathain
- Gender
- Female
- Informant
- Eamon Ó Gurnán
- Gender
- Male
- Age
- 60
- Address
- Rahona East, Co. Clare