School: Mullach, Sráid na Cathrach (roll number 3928)
- Location:
- Mullagh, Co. Clare
- Teacher: Proinnsias Ó Sandair
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Tá loch suidhte in aice le Cill Mhichíl ar a dtugtar Cnoch na locha air. Loch an doimhin is eadh é agus ar bhruach na locha tá cnoch beag. Ins an gnoc sin (tá) bhí doras ag dul go áit ina (bhfuil) raibh ór i bhfolach. Timcheall ceatharacha blian ó shoin tháinig fear dár b'ainm dó seán MacConcharrge agus é ina cheann an t-ór d'fháil.
Do thug sé leis beirt fhear eile agus iad go léir a rádh go bhfaighidís an ór nó gheobhaidís bás.
Do thugadar leo órd cun an dorais do bhriseadh. D'éirigh leo an doras do bhriseadh ach bhí iongadh mór ortha doras eile d'fheiscint ós a gcomhair amach. Do bhriseadar an doras sin leis. Annsan do chualadar béich uathbhásach cait a chuir sgeon mór ortha. Do chonnachadar annsan gur lean an uaimh an fhada isteach fé'n loch. Do chualadar béic uathbhásach an chait arís. Tháinig scannradh cómh mór ortha an uair sin gur réidhtigheadar eatorra go raghaidís abhaile.
An oídhche ina dhiaidh sin thángadar arís agus dhá madra feargach aca cun cogadh a cur ar an gcat.(continues on next page)- Collector
- Seán Ó Cillín
- Gender
- Male
- Address
- Carrowlagan, Co. Clare
- Informant
- Seán Mac Fhlannchadha
- Gender
- Male
- Address
- Carrowlagan, Co. Clare