School: Mullach, Sráid na Cathrach (roll number 3928)

Location:
Mullagh, Co. Clare
Teacher:
Proinnsias Ó Sandair
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0624, Page 001

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0624, Page 001

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Mullach, Sráid na Cathrach
  2. XML Page 001
  3. XML “Ór i bhFolach”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Tá loch suidhte in aice le Cill Mhichíl ar a dtugtar Cnoch na locha air. Loch an doimhin is eadh é agus ar bhruach na locha tá cnoch beag. Ins an gnoc sin (tá) bhí doras ag dul go áit ina (bhfuil) raibh ór i bhfolach. Timcheall ceatharacha blian ó shoin tháinig fear dár b'ainm dó seán MacConcharrge agus é ina cheann an t-ór d'fháil.
    Do thug sé leis beirt fhear eile agus iad go léir a rádh go bhfaighidís an ór nó gheobhaidís bás.
    Do thugadar leo órd cun an dorais do bhriseadh. D'éirigh leo an doras do bhriseadh ach bhí iongadh mór ortha doras eile d'fheiscint ós a gcomhair amach. Do bhriseadar an doras sin leis. Annsan do chualadar béich uathbhásach cait a chuir sgeon mór ortha. Do chonnachadar annsan gur lean an uaimh an fhada isteach fé'n loch. Do chualadar béic uathbhásach an chait arís. Tháinig scannradh cómh mór ortha an uair sin gur réidhtigheadar eatorra go raghaidís abhaile.
    An oídhche ina dhiaidh sin thángadar arís agus dhá madra feargach aca cun cogadh a cur ar an gcat.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. belief (~391)
        1. folk belief (~2,535)
          1. treasure legends (~7,411)
    Language
    Irish
    Collector
    Seán Ó Cillín
    Gender
    Male
    Address
    Carrowlagan, Co. Clare
    Informant
    Seán Mac Fhlannchadha
    Gender
    Male
    Address
    Carrowlagan, Co. Clare