School: Furglan, Inistíomáin (roll number 11813)
- Location:
- Furraglaun, Co. Clare
- Teacher: Seán Mac Daibhid
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Furglan, Inistíomáin
- XML Page 467
- XML (no title)
- XML “Scéal i dtaobh Bríghid Ní Mochoirighe”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
(no title) (continued)
“Do bhí lanamha ann fadó agus is í mo thuairim ná raibh an saoghal ro mhaith acu air cuma éigin pe sgeul é.”
You are not logged in, but you are welcome to contribute a transcription anonymously. In this case, your IP address will be stored in the interest of quality control.By clicking the save button you agree that your contribution will be available under the Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License and that a link to dúchas.ie is sufficient as attribution.- Seo sgeul a fhuaras ó Comharsain i dtaobh Brighit Ní Mochoirighe, timcheall cúig is fiche bliadhan ó shon.Bhí úncal agus aintín ag an bhfear seo, in a gcomhnuidhe leo féin i dteach san tuath. Tháinig saghas íarcoide ar ghiall an duine seo agus do dhein sé a dhícheall a leigheas acht do theip air go h-iomlán. Annsoin shocruigh sé in a aige[?] cuairt a thabhairt ar Bhrighid. Bhí Brighid in a comhnuide i n-oirthear an Chláir agus ós cionn triochadh míle ó'n bhfear breóite. Bhí sé ar an ród i gcaitheamh na h-oidhche agus do shroich sé tigh Bríghide go moch ar maidin. Ní raibh aoinne ann roimhe acht Bríghid féin. Chuir si fáilte roimhe agus d'iarr air teacht suas i seómra. Do chuaidh agus tharraing Brighid buidéal amach ar bosca agus d'feuch isteach ann. Leag sí an buidéal go h-obann anuas ar bórd san seómra agus d'imthigh síos ins an gcistin agus ag fágaint an cuairtéoirí ins an seómra leis féin. Nuar a bhí Brighid ins an gcistin rug an fear seo ar an mbuidéal agus d'fheach isteach ann. Agus can a chonnaic sé istigh ins an mbuidéal? A dhreafúir d'fhág sé ag baile 'na dhiadh i bhfeighil an tighe. Ní chall a rádh gur gabh iongnach mór é acht nuar d'airigh sé coiscéim Brighide ag teacht chuige, lag sé uaidh an buidéal agus níor leig sé dadamh ar féin. Annsoin fuar(continues on next page)