Scoil: Furglan, Inistíomáin (uimhir rolla 11813)

Suíomh:
Furraglaun, Co. Clare
Múinteoir:
Seán Mac Daibhid
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0620, Leathanach 434

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0620, Leathanach 434

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Furglan, Inistíomáin
  2. XML Leathanach 434
  3. XML (gan teideal)
  4. XML “An Marcach Cáiliúil”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (gan teideal)

    San am nuair a bhíodh na carraraidí ar an mbóthar. Bhí fear láidir eile in aice le baile bhacáin darab ainm 'Kinnane'.

    San am nuair a bhíodh na carraraidí ar an mbóthar bhí fear láidir eile in aice le Baile Bhacáin darab ainm 'Kinnane'. Bhíodh sé ag teacht ó Inis go Cillúrach agus tonna plúir (ocht málaí) aige. Tá faill mhór idir Cora Fine agus Cillúrach ar a dtugtar "Roughan". Nuair a tháinig sé comh fhada leis an bhfiall do theip ar an gcapall an ualach do bhreith léi i gcionn na faille. B'eigin dó dhá mhála a thógaint as an gcearr agus annsan thug an capall na sé malaí léi go bárr na faille. Bhí ar an bhfear bhocht dul síos annsan agus an dá mhála a bhreith leis ceann anois agus ceann arís go dtí barr na faille atá ós cionn trí céad slat ar fhaid agus é "steep" to maith.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. agents (~1)
      1. historical persons (~5,068)
    2. objects
      1. man-made structures
        1. public infrastructure
          1. roads (~2,778)
    Teanga
    Gaeilge
  2. Ós cionn cead bliadhain ó shoin bhí marcach cliste caileamhail 'na comhnuidhe in-aice le Lios Canúir darab ainm an Brianach. Do shiolruig sé ó Brian Ború. Bhí tracht agus tuairisg air mar fear capall i Sasana agus in Alban agus i dtiortha
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.