Scoil: Furglan, Inistíomáin (uimhir rolla 11813)
- Suíomh:
- Forghleann, Co. an Chláir
- Múinteoir: Seán Mac Daibhid
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)iasachta. San am ceadna bhí marcach cliste i Sasana a d'airig tracht ar an mBrianach agus tháinig sé go Conntae an Cláir cun bobta a baint as. San gceanntair timcheall Lios Canúr in-aice failltreacht Moher thárluigh an comortais eatorra. Bhí sé sin dian agus cothram eatorra ar feadh cúpla uair an cluig. Is beag claide dig sruthán fan gceanntair sin nár tugadar ortha féin gan tionóisg a bhaint d'aoinne aca. Do cheap an Brianach go mbeadh sé cothrom eatorra i ndeire an lae acht bhí aon claidhe amháin fós nár thaobhuigeadar leis, agus tá an claidhe sin le feisgint fós ag rith comhthréormhar le failltreacha Moher. Níl sé ar an mbruach ar fad acht timcheall deic dtroighthe isteach uaidh. Thug an Brianach an claidhe seo ar féin agus níor theip an capall air. Tháinig sé ar a bhonnaibh go slán sabháilte leas istigh do'n claidhe agus comh gairid do'n bhruach go raibh cois tosuigh do'n capall anuas ar bhruach na faille agus a cheann agus a muinéal sínte amach thar an bhfaill. Bhí sé 'na mharcac comh cliste gur éirigh leis an capall do cur thar n-ais arís gan tionoisg do féin nó do'n capall. Nuair connaich an Sasanach an gníomh sin agus an contabhairt a bhí ag baint leis chaill sé an misneach agus ní tabharfad sé fé agus d'fág sé an craob ag an mBrianach. Tugtar "Léim an eich" ar an áit ó shoin agus is ó'n ngníomh cródha cliste seo a tugadh(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Faisnéiseoir
- Domhnall Gallery
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Inis Díomáin, Co. an Chláir