School: Furglan, Inistíomáin (roll number 11813)

Location:
Furraglaun, Co. Clare
Teacher:
Seán Mac Daibhid
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0620, Page 401

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0620, Page 401

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Furglan, Inistíomáin
  2. XML Page 401
  3. XML “Caoineadh an Chloiginn”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    g-cloigeann a bhreith abhaile ar a dhrom. Tráthnóna agus é thabhairt thar n-ais arís ar maidin lá ar n-a bháireach. Ba mhór an náire d'aon sgoláire go mbeadh sé do mí-fhortún air an cloigeann a thabhairt abhaile leis, mar bhíodh fhios ag gach aoinne nach sgoláire cliste an té bheadh dhá iomchar. Lá des na laetheannta bhí garsún beag ag breith an chloiginn seo abhaile leis agus do bhuail ar an mbothar leis stoima-bhodach bhuachalla do bhí taréis sgoile d'fhágant blíadhain roimis sin.
    Buachall do b'eadh é seo gur chuir an chloiginn náire air féin go minic an fhaid a bhí sé ag dul ar sgol. Nuair a chonnaich sé an cloiginn dá iomchar ag an ngarsún, dubhairt sé leis é thaisbeánt do féachaint a raibh sé slán folláin mar a bhíodh sé nuair do bhíodh dá iomchar. Nuair fhéach sé ar an gcloigeann leog sé anuas ar chloich é, agus do bhris sé é le cloich eile. "Imig anois" ar seiseann leis an ngarsún, "agus innsi do'n mháighistir gur mise do bhris an cloigeann agus teacht agus sásamh baint díom má's féidir leis é. Chuaidh an garsún ar scoil lar ar n-a bháireac gan an cloigeann agus d'fhiafhruigh an maigistir de car fhág sé an cloigeann. Dubhairt sé:-"b'amhlaidh do bhris Domhnall Ó Suilleabháin tráthnóna inde é nuair a bhios dá thabhairt abhaile liom agus
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. poetry
        1. folk poetry (~9,504)
    2. objects
      1. man-made structures
        1. buildings
          1. schools (~4,094)
    Language
    Irish