School: Furglan, Inistíomáin (roll number 11813)

Location:
Furraglaun, Co. Clare
Teacher:
Seán Mac Daibhid
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0620, Page 397

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0620, Page 397

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Furglan, Inistíomáin
  2. XML Page 397
  3. XML “An Coileach Draíochta”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    sé aon nídh uirthi. Cúpla lá ‘na dhiad sin dubhairt sí leis an bhfear go raibh a máthair ag fághail bháis leis an ocras, agus gur mhian léi rud éigin a cur chúichi. Dubhairt sé léi dul síos go dtí an áit ‘na raib an t-ór go léir agus go bhfaghadh sí bosca mór ann (‘na raibh an t-ór go léir) agus an méid ba mhaith léi féin do cur sa mbosca agus go bhfanfadh sé féin annsin go dtagad sí tar n-ais agus go dtabharfadh se go dtí teac a mháthar an bosca. Chuaidh an bhean suas go stí an seomra ‘na raibh a beirt deirbhfeár ‘n-a ndá circ agus d’aimsig sí an slaitín draoidheachta agus bhuail síbuille leis an gcead circ agus d’éirig a chead deirbfiúr ‘na cruth féin. Annsan thug sí a deirbfiúr léi go dtí an áit ‘na raibh an t-ór agus chuir sí isteach sa mbosca í agus chuir sí ór síos uirthi go raibh sí cluduigthe leis an ór. Annsan do dhein sí poll beag sa mbosca ionnus nac múcfadh a deirbfhiúr agus go bhféadfad sí a h-anál do tharraingt. Annsan d’imtig sí agus dubhairt sí le na fear go raibh an bosca lán aici. Dhein sé sin coileach de féin agus chuaidh sé síos agus thóg sé an bosca ar a capball agus chuaidh sé go dtí teach máthar a mná agus chaith sé an bosca isteach tríd an doras. Annsan d’fill sé thar n-ais arís go dtí a bhean. Tamall eile ‘na dhiadh sín dubhairt a bhean leis gur mhian léi rud éigin a cur cun a máthair le h-aghaidh an sgéal a ghiorrughadh cuir sí a dara deirbhfiúr i
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0425: The Search for the Lost Husband
    AT0431: The House in the Wood
    Language
    Irish