School: Furglan, Inistíomáin (roll number 11813)

Location:
Furraglaun, Co. Clare
Teacher:
Seán Mac Daibhid
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0620, Page 396

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0620, Page 396

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Furglan, Inistíomáin
  2. XML Page 396
  3. XML “An Coileach Draíochta”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    nídh amach léi mar thuit le n-a deirbhfiúr agus do dheinead cearc dí mar an gceadna agus cuireadh isteach i seomra na fola í i dteannta a deirbhféar.
    Cúpla lá 'na dhiadh sin bhí an triomhadh deirbhfiúr ag tabahirt bídh do na cearceaibh nuair tháinig an coileach beag le h-aghaidh an sgeul do giorrughadh thuit gach nídh amach léi mar thuit le na beirt deirbhféar go dtí go raibh sí ag dul isteach sa seomra úd. Ní dheacaidh an bheirt eile níos sia ná an doras óir do scannruig an fhuin agus na cnámha iad; acht cuaidh sí seo isteach go dána agus chonnaich sí an dá chirc istig agus fuair sí an slaitín draoidheachta agus boidéal ola. Bhuail sí dhá bhuille de'n t-slaitín draoidheachta ar an dá circ agus do dheineadh beirt cailín óg díobh agus d'aithin sí a bheirt deirbhfhéar annsan. Do bhuail sí dhá bhuille eile ortha agus do dheineadh dhá chirc díobh arís. Tar éis sin do nigh sí a cosa leis an ola agus do glanadh an fhuil díobh láithreach agus d'imig sí síos agus chuir sí an glas ar an ndoras 'na dhiadh. Deirtear gur fhág sí an buidéal agus an slaitín draoidheachta san áit a fuair sí iad.
    Nuair tháinig an fear abhaile um thráthnóna d'fiafruig sé dhí an ndeachaidh sí isteach sa seomra agus dubhairt sí nach ndeachaidh sí isteach agus thaisbeán sí a cosa do. Nuair nach bhfaca sé aon fhuil ortha ba dóigh leis go raibh sí ag innsint na fírinne dho agus níor dhein sé
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0425: The Search for the Lost Husband
    AT0431: The House in the Wood
    Language
    Irish