School: An Caisleán Nua (C.), Cluain Meala (roll number 9250)
- Location:
- Newcastle, Co. Tipperary
- Teacher: Siobhán Ní Chochláin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Tuille:-
Lá amháin, timcheall deich mbliana ó shoin do bhí fear ag teacht abhaile ón uachtarlainn. Tomás Ó Cafaí dob ainm dó agus do chomhnuigh sé i mBaile Macárbrí. Lá fliuch a beadh é agus do bhí tuille i ngach abhainn. Do bhí ar an fear dul thar abha an Nír chun dul abhaile agus dar a shrois sé an abha dubhairt bean leis gan dul thárstí. Níor dhein sé rud uirthí agus do bádhadh é. Do bhriseadh chois an chapaill agus do bhriseadh an cheárr san abhainn. Tamaill beag(ón áit) i ndiadh sin fuair daoine éigin an cuiginn a bhí ag an bhfear ins an uisge.
Teintreach:-
Fadó, do bhí teintreach mór ann agus i lár na h-oidhche do bhí ba i bpáirc ag feirmeóir amuigh. Nuair d'éirigh an feirmeóir ar maidin do bhí sé cinn de na ba marbh ag an dteintrig.- Informant
- Pádraig Mac Suíbhne
- Gender
- Male
- Age
- 52
- Address
- Clashganny East, Co. Tipperary