Scoil: An Caisleán Nua (C.), Cluain Meala (uimhir rolla 9250)

Suíomh:
An Caisleán Nua, Co. Thiobraid Árann
Múinteoir:
Siobhán Ní Chochláin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0571, Leathanach 338

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0571, Leathanach 338

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Caisleán Nua (C.), Cluain Meala
  2. XML Leathanach 338
  3. XML “Cruatan”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Tuille:-
    Lá amháin, timcheall deich mbliana ó shoin do bhí fear ag teacht abhaile ón uachtarlainn. Tomás Ó Cafaí dob ainm dó agus do chomhnuigh sé i mBaile Macárbrí. Lá fliuch a beadh é agus do bhí tuille i ngach abhainn. Do bhí ar an fear dul thar abha an Nír chun dul abhaile agus dar a shrois sé an abha dubhairt bean leis gan dul thárstí. Níor dhein sé rud uirthí agus do bádhadh é. Do bhriseadh chois an chapaill agus do bhriseadh an cheárr san abhainn. Tamaill beag(ón áit) i ndiadh sin fuair daoine éigin an cuiginn a bhí ag an bhfear ins an uisge.
    Teintreach:-
    Fadó, do bhí teintreach mór ann agus i lár na h-oidhche do bhí ba i bpáirc ag feirmeóir amuigh. Nuair d'éirigh an feirmeóir ar maidin do bhí sé cinn de na ba marbh ag an dteintrig.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. ócáidí
      1. cruatan (~1,565)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Pádraig Mac Suíbhne
    Inscne
    Fireann
    Aois
    52
    Seoladh
    An Chlais Ghainimhe Thoir, Co. Thiobraid Árann