School: An Caisleán Nua (C.), Cluain Meala (roll number 9250)

Location:
Newcastle, Co. Tipperary
Teacher:
Siobhán Ní Chochláin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0571, Page 315

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0571, Page 315

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Caisleán Nua (C.), Cluain Meala
  2. XML Page 315
  3. XML “Cistí Óir i bhFolach”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí fear ann fadó agus chomhnuigh sé i Droichead na nGabhar cúpla míle óm thig-se. Bhí alán airgid aige. Nuair a cheap sé go raibh sé chun báis d'fágail ceap sé go gcuirfeadh sé an t-ór i bhfolac. Cuala fear eile é sin agus chuaidh sé i bhfolac cun go bhfeicfeadh sé cad é an áit na chuirfeadh sé é. Chonnaic sé an áit 'nar chuir an fear é agus oidhche amháin chuaidh sé cun é d'fhághail. Fuair se an pota 'na raibh an t-ór act ní raibh aon ór ann. Deirtear gurabh iad na daoine maithe a thóg as é.
    D'innis m'athair féin an sgéal seo dhomh. Fuair mo shin sean athair Seán Ó Meachair coire mór déanta
    d'airgead fén dtalamh san iothlainn sa mbaile. Na dhiaidh san díoladh i gCeapach Cuinn é. Chonnaic Pádraig Ó Corcubhar atá 'na beathaidh fós an pota airgid sin. Do sgríobhadh i litreacha órtha ar an pota so go raibh pota eile déanta d'ór i bhfolac in áit éigin gairid don áit agus go raibh slabhra á gceangailt le chéile. Ach tháinig meirg ar an slabhra agus briseadh é agus mar sin níor éirigh le h-einne an pota óir d'faghail.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. belief (~391)
        1. folk belief (~2,535)
          1. treasure legends (~7,411)
    Language
    Irish
    Informant
    Pádraig Ó Meachair
    Gender
    Male
    Age
    53
    Address
    Frehans, Co. Tipperary