School: Scoileanna i gCraoibh an Sciobairín de Chumann na Múinteoirí Náisiúnta

Location:
Skibbereen, Co. Cork
Teacher:
Mícheál Ó Cuileannáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0398, Page 091

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0398, Page 091

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Scoileanna i gCraoibh an Sciobairín de Chumann na Múinteoirí Náisiúnta
  2. XML Page 091
  3. XML “Máire Ní Shíocháin”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    I
    Cois Leasa mín Cill Éige
    Tá an spéir bhruingeal mhúinte
    Sí Máire Ní Shíocháin ghléigheal
    Gur léir-ghasta a diúbhramh
    Ní mó ná cúig an aon deich
    Is aos di dar liúmsa
    Agus do rug sí bárr i mbéasaibh
    ó bhéithibh na Cúige.
    A tréithe siúd, a gcéim 's a siubhal ní náireach luím le haithiris
    Mar tá sí fionn geal grádhmhar múinte rábach rúntach rabairneach.
    Ní athchurtha a clú le haon dar liúm ach dréir mar a mhúin an tÁthair Mhac
    Agus ag leanamhaint dlighe na n-aitheanta
    Tá an eala-bhean gan smól
    II
    Tá a brághaid mar shneachta a' tsléibhe 'mu' (amuigh)
    Nú déise na srústha
    Gus a tana-chine géara
    le h-éinne nár spiúnadh
    Ach mar eighreoch grian nú réilthean
    I ngaortha glas cúil.
    Is gluise a súil ná criostal drúchta maidean Fhoghmhair ar sheamar bhog
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Mícheál Ó Cuileanáin
    Gender
    Male
    Occupation
    Múinteoir
    Informant
    Conchubhar Ó Confhaolaidh
    Gender
    Male