School: Gleannóg, Malla (roll number 9448)

Location:
Glannoge, Co. Cork
Teacher:
Mrs K. Barrow
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0363, Page 084

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0363, Page 084

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Gleannóg, Malla
  2. XML Page 084
  3. XML “An Sprid”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí sprid ann fado in-aice "le h-Abhann na Spideóige" i Lios-a Phúcha i gCiarraidhe. Gach aoinne a thagfadh an treó san oidhche chuirfeadh sí an cheist seo chuige, "Coinneal ag coinnealoír ann a's cá bhfuil a leath rann san"? agus aoinne ná feadfadh é freagairt do mharbuigcadh sí é. Do dheinfadh gach aoinne a dhícheall cun í freagairt ach ní raibh aon mhaith ann. Oidhche amháin bhí fear ag gabháil an treó. Do léim an sprid cuige a's dubhairt sí "coinneal a's coinnlealoír ann a's ca bhfuil a leath rann san?
    Dubhairt an fear 'b'fearr dhuit-se bheith i bFlaitheas Dé in-ann ná beith ar Chnoc na nGamhan id sprid." Do gháir sí agus dubhairt go gcaitheadh sí feín fanamhaint annsan cun go b'freagarócadh duine éigin an cheist, annsan d'fheadfadh sí dul suas go Flathas Dé. D'imthig sí as a radharc laithreach, agus ní fheaca aoinne eile í as san amach.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. activities
      1. economic activities
        1. trade
          1. buying and selling (~3,622)
    2. agents (~1)
      1. supernatural and legendary beings (~14,864)
    Language
    Irish
    Collector
    Mrs K. Barrow
    Gender
    Female
    Informant
    William Coghlan
    Gender
    Male
    Address
    Baile Mhic Íre, Co. Cork