Scoil: Réidh na nDoirí, Maghcromtha (uimhir rolla 14993)

Suíomh:
Ré na nDoirí, Co. Cork
Múinteoir:
Amhlaoibh Ó Loingsigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0337, Leathanach 398

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0337, Leathanach 398

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Réidh na nDoirí, Maghcromtha
  2. XML Leathanach 398
  3. XML “Na Tiarnaí Talún”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Na Tighearnaí Talmhan
    Do phós an inghean a bhí ag an dTighearna Talmhan. Deirbhfiúr dob eadh í don Tighearna deirneach. Sé an duine a phós sí ná duine darbh ainm do Brúce agus tamall taréis pósta dóibh do thugadar cuairt ar Bhaile Mhúirne. Nuair a bhíodar ag teacht cóiste ceithre capall glasa a bhí á dtarach agus do fuair na tionóntaithe ordú a bheith thoir ar capaill iallaithe ag Crois a Mon. Nuair a tháinig an beirt dubhradar leó mhárseáil gach trúir rómpa amach. Do bhíodar cómhgarach do Baile Mhúirne agus nuair a thángadar cómh fada le Crois Dhiarmaid leán, do stopadh na capail agus do sguireadh iad agus caith na fir an cóiste do tharach as san go dtí an Muileann. Tá timcheall trí fichid bliain ó thuit san amach.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. place-space-environment
      1. land management (~4,110)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Amhlaoibh Ó Loinghsigh
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Gort an Imill, Co. Cork