Scoil: Baile Mhúirne (C.) (uimhir rolla 15347)
- Suíomh:
- Baile Bhuirne, Co. Cork
- Múinteoir: Eibhlín, Bean Uí Bhuachalla
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Baile Mhúirne (C.)
- XML Leathanach 161
- XML “Gobnait an Tae”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Gobnait an Tae
Fadó nuair a tháining an tae ar dtúis ní raibh aoinne ábalta ar é dhéanamh i gciarraidhe ach 'Gobnait na gcearc' leas-ainm ab'eadh é sin uirthe. Do fuair duine éigin púnt tae agus do chuireadar fios ar Ghobnait chun é a dhéanamh.
Tháinig sí agus nig sí corcán mor agus do líon sí le h-uisge é agus chaith sí an púnt tae isteach ann agus do bheirbhig sé é, ansan do chaith sí isteach buicéad bláthach agus bhí sean-duine sa cúinne agus bhí bata aige agus rug sí ar an mbata eo uaidh agus do corruigh sí an tae leis agus an bláathach agus an t-uisge le chéile agus ba ghearr gur deineadh gruth agus meidhg do agus bhí córcaí sa ghruth a cheangalóeadh gamhain no caoire.
Nuair a bhí sé beirbhighthe go maith aici, do thóg sí amach é agus thug sí báisín de do gach duine acu agus d'óladar go breágh é agus fuair cuid acu báisín eile agus bhí Gobnait ana-mhordálach inte féin tar-éis báisín de a ól de féin fuair Gobnait a clócha agus d'imigh sí léi abhaile.
Ar maidin lár na mháireach nuair a bhí an sean-duine chun éirighe ní fhéadfhadh sé corraighe agus do bhí fearg (air) chun Gobnait mar cheap sé go raibh sí tar-éis nimh a thabhairt do, bhí an méid sin tinnis air agus bhíodh sé 'á rádh leis féinig go minic ar feadh an lae:-(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Seán Ua Loinsigh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 83
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Doire na Sagart, Co. Cork