Scoil: Gurrane (B.) (uimhir rolla 14839)
- Suíomh:
- Clondrohid, Co. Cork
- Múinteoir: Seán Ó Loingsigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)"Dá mbeadh teann ar a cúlaibh aici ba deacair labhairt léi." sé sin dá mbeadh sí acfuinneach.
Daoine mora iseadh sibh dá mbeadh aon cur leis agaibh.
Is beag ná gur mar a chéile an dá cheann.
Chuir sé bó ar shaoaiste chuige. Bó curtha ar shaoruiste iseadh gamhnach curtha ar féar agus leigint do'n méid bainne a bheadh aice díol aisti. DHeineadh daoine é sin fadó.
"Tuísleannach." Tá eagla orm ná beidh sé ró-thuisleannach, sé sin ná beadh sé buan nú ná seasóchadh sé abhfad. Dearfaí "Nách geárr a sheasaim an mála mine sin." Dearfadh duine eile b'fhéidir: "Airiú níl aon ghus sa mhin sin athá ag teacht annsan le deidheanaighe." "Ní fheadfadh aon tuisleann a bheith inte agus tá a rian air, ní túisce mála oscailte ná é follamh. Ní fhéadfadh san bheith tuísleannach."
Cloch-scíl:- an chloch a thagann amach iarracht ar bhárr an fhalla.
"Leig do'n teine dul i gcrann". BEan adubhairt é le duine éigin a bhí ag gabháil do'n teine tar éis í chur síos: "ná bí ag priocaduíol ar an dteine agus leig di dul i gcrann".
"At tarrac an t-snátha is a dhá cheann ceangailte."
Ráidhte le duine a bheadh sáidhte (i bhfiacha cuir i gcás) go mbeadh sé ad iarraidh é féin a réidhteach agus é ag teip air.
"Ba bheag an maos do dhaoinibh mór thímcheall annso Gaedhilg a bheith aca agus í chómh maith san ag fear ó'n gcathair cuir i gcás agus an Ghaedhilg go maith aige.(leanann ar an chéad leathanach eile)