Scoil: Barrlinn
- Suíomh:
- Inchinarihen, Co. Cork
- Múinteoir: Máire Ní Chruadhlaoich
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Barrlinn
- XML Leathanach 018
- XML “Scéal mar gheall ar Conas a Fuair Fionn Mac Cumhaill a Ainm”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)an rí rud éigin agus beigh mise ag éisteacht. Annsan imtheóchaidh mise, agus tar éis tamaill téighir-se im dhiaidh"
Chuadar go dtí an comórtas agus do thuit gach rud amach mar dubhairt an t-sean bhean. Chuir an rí speic ar an laid óg. Nuair a thug sé cic den liathród, a chuir go dtí taoibh eile na faitce í, agus rith annsan cómh tapaidh go dtí an taobh san, gurab é féin a thóg an liathród airís agus í ag tuitim. "Nách deas a imreann Fionn beag" arsan rí.
"Go mairir is go gcaithir d'ainm nua, a Fhinn Mhic Chumhail" arsan sean bhean agus d'éaluigh sí léi féin imeasg na ndaoine, agus annsan as go bráth léi indiaidh an laid óg. Bhí sé ag feithimh léi.
Dairigh an rí na focail a dubhairt an tsean bhean agus thosnuigh sé ag machtnamh. Cheap sé go raibh mac Chumhail marbh. "Acht" ar seisean leis féin, "níor imir aon lad coitcheannta mar dimir Fionn óg annsan anois. Tá fuil uasal ann
Annsan thug sé fé ndeara nách raibh an lad ar an bpáirc in aon chor. Chuir sé teachtaire ar a lorg, acht trásg ná turirisc(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Séamas Mac Coitir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 80
- Seoladh
- Bantry, Co. Cork