School: Baile Mhúirne (C.)
- Location:
- Baile Bhuirne, Co. Cork
- Teacher: Eibhlín, Bean Uí Bhuachalla
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)is aca a bhí an ceol ba bhreághtha d'ar airig aoinne riamh mar ceol sídhe ab'eadh é.
Is minic a thabharfainn féin tamall de'n oidhche ag éiseacht leo agus ag féachaint ortha ag rinnce is ag damhas ar fuaid a' tíghe. Do bhí ana aidhm seoig ar Cormaicín dul ag éisteacht leo agus ag féachaint ortha ag rinnce. D'éaluig sé ó'n máthair aon oidhche amháin agus do chuaidh sé fé dhéin tíghe na bpúcaí.
Do bhí sé ag féachaint ortha ar feadh tamaillín. Do bhris ar an bhfoidhne fé dheire agus isteach leis.
Bhí ana fháilte ar fad ages na púcaí roimis. Bhí radharc breágh aige ar an rinnce ansan agus do chuaidh an ceól 'na chluasaibh chómh mór san go mb'éigin do dul amach agus bheith ag rinnce agus ag damhas 'na dteannta.
Do bhí sé féin agus cailíní gleóite deasa ag rinnce agus ag amhrán ar feadh na h-oidhche agus do bhí sé cómh maith le h-aon duine aca chun rinnce(continues on next page)- Collector
- Siobhán Ní Chárthaigh
- Gender
- Female
- Age
- 13
- Address
- Na hUláin Thiar, Co. Cork
- Informant
- Risteárd Mac Suibhne
- Gender
- Male
- Age
- 63
- Address
- Na hUláin Thiar, Co. Cork