Scoil: Baile Mhúirne (C.)

Suíomh:
Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Eibhlín, Bean Uí Bhuachalla
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0331, Leathanach 369

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0331, Leathanach 369

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile Mhúirne (C.)
  2. XML Leathanach 369
  3. XML “Cormaicín Ó Uallacháin agus na Púcaí”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    is aca a bhí an ceol ba bhreághtha d'ar airig aoinne riamh mar ceol sídhe ab'eadh é.
    Is minic a thabharfainn féin tamall de'n oidhche ag éiseacht leo agus ag féachaint ortha ag rinnce is ag damhas ar fuaid a' tíghe. Do bhí ana aidhm seoig ar Cormaicín dul ag éisteacht leo agus ag féachaint ortha ag rinnce. D'éaluig sé ó'n máthair aon oidhche amháin agus do chuaidh sé fé dhéin tíghe na bpúcaí.
    Do bhí sé ag féachaint ortha ar feadh tamaillín. Do bhris ar an bhfoidhne fé dheire agus isteach leis.
    Bhí ana fháilte ar fad ages na púcaí roimis. Bhí radharc breágh aige ar an rinnce ansan agus do chuaidh an ceól 'na chluasaibh chómh mór san go mb'éigin do dul amach agus bheith ag rinnce agus ag damhas 'na dteannta.
    Do bhí sé féin agus cailíní gleóite deasa ag rinnce agus ag amhrán ar feadh na h-oidhche agus do bhí sé cómh maith le h-aon duine aca chun rinnce
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Siobhán Ní Chárthaigh
    Inscne
    Baineann
    Aois
    13
    Seoladh
    Na hUláin Thiar, Co. Chorcaí
    Faisnéiseoir
    Risteárd Mac Suibhne
    Inscne
    Fireann
    Aois
    63
    Seoladh
    Na hUláin Thiar, Co. Chorcaí