Scoil: Baile Mhúirne (C.)

Suíomh:
Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Eibhlín, Bean Uí Bhuachalla
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0331, Leathanach 402

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0331, Leathanach 402

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile Mhúirne (C.)
  2. XML Leathanach 402
  3. XML “An Púca agus an Fear”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Fadó do chuaidh fear darb' ainm do Conchúbhar Ua Liatháin ag sgoruidheacht chun fear darb' ainm do Seán Ua Liatháin. Bhí Conchúbhar 'na chómhnaidhe in Gort na Tobraid. B'éigin do Choncubhar dul thar an Roilig ag dul ann agus ag teacht thar-n-ais agus ní raibh aon dul as aige.
    An oidhche seo chuaidh sé ag sgoruidheacht mar ba ghnáth. Bhí sé ag déanamh amach ar a h-aon-dhéag a chlog nuair abhí sé ag teacht abhaile. Chuaidh sé suas Bóthar na Roilige agus nuair abhí sé díreach ag geata na Roilige do léim rud éigin amach ar an mbóthar roimis.
    Púca ab'eadh é agus dubhairt sé le Conchúbhar fanamhaint leis agus go mbeidís ag dul suas le chéíle. Nuair a airig Con é sin do rith sé chómh mear agus bhí 'na chosaibh. Suas an bóthar leis in ainm an diabhail agus an púca 'na dhiaidh ag cur a anama [?] ag gáirídhe ad' iarraidh cimeád suas leis.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Béarla
    Bailitheoir
    Siobhán Ní Scanaill
    Inscne
    Baineann
    Aois
    11
    Seoladh
    An Cheapach Thiar, Co. Chorcaí
    Faisnéiseoir
    Domhnall Ua Scanaill
    Gaol
    Tuismitheoir
    Inscne
    Fireann
    Aois
    64
    Seoladh
    An Cheapach Thiar, Co. Chorcaí