Scoil: Baile Mhúirne (C.)

Suíomh:
Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Eibhlín, Bean Uí Bhuachalla
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0331, Leathanach 342

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0331, Leathanach 342

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile Mhúirne (C.)
  2. XML Leathanach 342
  3. XML “An Bhaintreach agus an Fear Saibhir”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí baintreabhach bocht ann timcheall céad bliadhain ó shoin. Bhí sí 'na cómhnuidhe in aice le feirmeoir saidhbhir agus do bhí sé sin ana spriúnlaithe. Lá amháin do chuaidh an baintreabhach bocht amach ag bailiughadh brosna agus ní raibh aon coinne aici go stopfadh an fear í. Tháinig sé amach agus d'fhiafhruig dí cad 'na taobh go raibh sí ag bailiughadh a brosna.
    Níor fhreagair sí é aon chor ach dubhairt sí leis mar seo:-
    "Imtheochaidh a stiocfaidh is a dtáinig riamh
    ach ní imtheochaidh an grásta go bráth ó Dhia
    Imtheochair se agus mise ó'n áit seo
    agus bheidh an t-aiteann ag fás 'nár indhiadh
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. filíocht
        1. filíocht na ndaoine (~9,504)
    Teanga
    Gaeilge