Scoil: Baile Mhúirne (C.)

Suíomh:
Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Eibhlín, Bean Uí Bhuachalla
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0331, Leathanach 407

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0331, Leathanach 407

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile Mhúirne (C.)
  2. XML Leathanach 407
  3. XML “An tSeanbhean agus an Císte”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí fear 'na chómhnuidhe i mBéal Átha an Ghaorthaidh. Bhí sé pósta agus bhí clann mhór aige agus bhí a bhean 'na beathaidh. Níor mhaith leó rud a tabhairt de's na bochta.
    Aon lá amháin do tháinig sean-bhean bocht isteach cúcha. Bhí sí istig ar feadh leath-h-uair a cluig nó mar sin. Bhí císte ar an dteine agus bhí bean an tíghe ag déanamh císte eile. Do bhí an sean-bhean bocht ag feitheamh féachaint an bhfaghadh sí aon blúire ach ní bhfuair agus dhein sí an bhérsa seo:-
    "Císte ghá fuinneadh agus císte ar an dteine,
    Císte nó dhó beirbhighthe ar an mbórd
    Agus ní bhfaghadh Siobhán na smeire bhlaise dhóibh.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. filíocht
        1. filíocht na ndaoine (~9,504)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Siobhán Ní Scanaill
    Inscne
    Baineann
    Aois
    11
    Seoladh
    An Cheapach Thiar, Co. Chorcaí
    Faisnéiseoir
    Domhnall Ua Scanaill
    Inscne
    Fireann
    Aois
    67
    Seoladh
    An Cheapach Thiar, Co. Chorcaí