Scoil: Baile Mhúirne (C.)
- Suíomh:
- Baile Bhuirne, Co. Cork
- Múinteoir: Eibhlín, Bean Uí Bhuachalla
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)B'iad an dream daoine ba shúgaí a chonnaic sé riamh iad.
I gcionn tamaill de'n oidhche dúbhairt na púcaí le Cormaichín go rabhadar ag dul síos Conndae Luimnighe chun bean uasail óg a ghoid ó'n a mhuinntir agus í thabhairt leó.
D'fiafruigheadar de Chormaichín féachaint an ragadh sé in-aonfheacht leó. Dúbhairt sé go raghad gan dabht mar go raibh sé ana-oireamhnac ar gach aon saghas spórt mar sin.
Chuadar amach ar an dtaobh amuigh de'n dorus bhí roinnt de's na capaill ba breághtha a chonnaic aoinne riamh taobh amuigh de'n dorus roimpe. Do leím gach aon duine acu ar dhrom gach capaill agus bhíodar ana-shásta in-áirde ar na capaill mar capall breághtha ab' eadh iad.
Sa deire thiar thall do léim Cormaicín in-áirde ar a chapall féin.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Siobhán Ní Chárthaigh
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 13
- Seoladh
- Na hUláin Thiar, Co. Cork
- Faisnéiseoir
- Risteárd Mac Suibhne
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 63
- Seoladh
- Na hUláin Thiar, Co. Cork