School: Baile Mhúirne (C.)

Location:
Baile Bhuirne, Co. Cork
Teacher:
Eibhlín, Bean Uí Bhuachalla
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0331, Page 394

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0331, Page 394

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Baile Mhúirne (C.)
  2. XML Page 394
  3. XML “An Crann Iontach”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí baintreabhach ann uair agus bhí aon mac amháin aici. Bhíodar ana bhocht. Ní raibh ach aon bhó amháin aca. Bhí Seán ana leisgeamhail. Bhí paiste talmhan aca leis, agus dá mbeadh aon tairbhe i Seán d'fhéadfadh sé rud éigin a chur ag fás ann ach ní raibh.
    Pé sgéal é bhíodar chómh bocht san ná bíodh a ndóthithin le n-ithe aca uaireanta. An tráthnóna so ní raibh blúire bídh fé dhíon an tíghe aca agus dubhairt an baintreabhach go gcaithfeadh Seán dul ar an aonach lár' 'na mháireach agus an bhó a dhíol chun bia do cheannach dóibh féin, nó go gcaithfidís dul amach ad' iarraidh déirce. Bhí áthas an domhain ar Sheán mar bhí a fhios aige go mbeadh saoghal maith aige ar an aonach. Chuadar a chodladh an oidhche sin gan pioc d'ithe. Maidean lá'r 'na mháireach do eirig Seán go moc agus níor ith sé aon bhreicfeast, ach d'imthigh sé agus an bhó's a
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Cáit Ní Shúileabháin
    Gender
    Female
    Address
    Baile Mhic Íre, Co. Cork
    Informant
    Bean Seáin Uí Luasaigh
    Gender
    Female
    Address
    Baile Mhic Íre, Co. Cork