School: Baile Mhúirne (C.)
- Location:
- Baile Bhuirne, Co. Cork
- Teacher: Eibhlín, Bean Uí Bhuachalla
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Baile Mhúirne (C.)
- XML Page 047
- XML “Scéal le Véarsa”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)"bróg a bhairrillí iachtaim agus iad a gearradh mar brígh na mion
Tá a Jaicaidín ag dul inghin clíth air
Ná tarraig tríd a sruth
agus leaig i gceithre gus thiar air
agus bíodh giobal úr níghe go trugh."
Sé an rud a dhein sé ansan ná na bróga a chuir isteach sa bastabal a bhíodh in-aiche an tíntáin.
Do dhearmhadh sé an Jaicáidín a cuir in ait sábhaltha, ach nuair a cuaidh múintir an tíghe a chodhladh an oidhche sin, níor thuit aon néal codhladhta ortha leis na franncaig fan an h-oicdhche, fuaradar an Jacaidín agus dheineadar mion rab di, ach do thugadar an oidhche tímpeall an corcáin agus theip ortha teacht air na bróga.
Nuair a theip ortha teacht air na bróga sin é an uair a bhí an fhothram go léir achu, muna mbeadh bean an tíghe, do dhéanfhad sí tuille don bhéarsa do rug suas uirthi, agus d'iarr air son Dé gan a thuille a rádh agus dá rithead léi a thuille a rádh ní fios cad é an sgíle a thabharfhad na franncaig do bhairilí bocht.