School: Sliabh Riabhach
- Location:
- An Sliabh Riabhach, Co. Cork
- Teacher: Éamonn Mac Suibhne
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Sliabh Riabhach
- XML Page 138
- XML “Scéal - An Gadaí Cliste”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí buachaill ann fadó agus bhí a mháthair an-bhuaidheartha 'na thaobh. Lá amháin do chuaidh sé go dtí fear eolais cun comhairle d'fhágail 'na thaobh. Dúbhairt sé léi nác raibh an buachaill oireamhnach do aon céard agus chómhairlig sé di dul go dtí an roilig agus fhiafruig des na daoine marbh cad é an ceard a oirfheadh do. Nuair a tháinig sí abhaile d'innis sí a sgéal don mic agus súid fá dhéin an roilig í.
Níor leig seisean aon rud air ach chuaidh se fé dhéin an roilig é sin leis agus bhí sé ann roimh an máthair. Chuaidh sé i bfolac ins an sean-teampuill go dtí gur tháinig sí. Nuair a tháinig sí do bhéic sí amac - "Cad é an ceard a a oirfhead do'm mhac" agus d'fhreagair sé sin "Gaduidheacht. Is é cúis adein sé é sin ná go mba mhaith leis beith in a gaduidhe
Ins an aimsir sin do chaithfeadh duine bheith ag foghluim sé blíana sar a ndéanfaí gaduidhe de. Mar sin chuaidh an buachaill go dtí sean-gaduidhe chun bheith ag foghluim úaidh. Dubhairt an gaduidhe sin leis go raibh gaduidhe eile cómhgarac don áit sin agus go raibh caoire aige(continues on next page)- Collector
- Seán Ua Donncadha
- Gender
- Male
- Address
- Cloonkeen, Co. Kerry