School: An Chathair Mhór (roll number 13249)
- Location:
- Knockroe Middle, Co. Cork
- Teacher: Donncha Ó Súilleabháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Dá mbeinnse in Uíbh Ráthach
Do bheadh rás chun mo thórramh
Do bheadh sagairt agus bráithre
A' léigheamh pháis ar mo Comaraimh
Is mó ógánach lúthmhar láidir
Ó gleann Cárn go Bólus
'Gur truagh leó i lár sinn
Agus gan aon fágháil a bheith beó 'gainn
A Ciarrdhaig bídídh ag guidhe linn
Mar is binn iad bhur nGlóire
Is mó bheannacht-sa libh coidhche mar ná cífear ann beó sinnBean dubh dhorcha dhuairch
Is olc an fhuadac í ag aoinne
Is cuma duitse cia bheidh sí duairc
Má bhíonn sí suairc lé féinig
Sin adubhairt an cailín óg nuair a bhíodar ag déanamh cleamhnais agus nuair a dubhairt athair a bhuachalla an céad líne Séamus O Séaghdha.Is é an baile gan adbar
Níl gainnimh i dráig na i gcuas
Níl foithim i gCruach i stalla ann
Agus anaithe agus gála adtuaidh
Céad altú le Dia mo shláínte
Sí barra ar gach áirí [?]buan(continues on next page)- Collector
- Nóra Ó Súilleabháin
- Gender
- Female
- Age
- 12