School: An Chathair Mhór (roll number 13249)

Location:
Knockroe Middle, Co. Cork
Teacher:
Donncha Ó Súilleabháin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0274, Page 199

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0274, Page 199

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Chathair Mhór
  2. XML Page 199
  3. XML “Dónall Cam”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Domhnall Cam
    (mé féin - ó Phats Thaidhgín)
    Do ghlaoideadh Domhnall Cam air mar 'fear caol árd croma slinneánach do bead é, agus rithsheacha cama aige'.
    Cath-Sliabh Larach idir Domhnall Cam agus Dú Dara Mhac Suibhn
    Bhí troid idir Domhnall Cam agus Dú Dara Mhac Suíbhn in aimsir Domhnall, agus i nGairnis a bhí na hátharaighe ag Dú Dara. An tríomhadh lá dos na laetheantaibh diarr bean Dú Dara ar an correspondent cia a bhí troid le na fear indiu.
    "Fear caol, árd croma shlinneánach; agus rithsheacha cama aige", arsan correspondent
    "Níl aon dul as aige ó'n fear san". arsan bhean. "Sin é Domhnall" ar sise.
    De reír deárramh nár sheasamh an cogadh acht trí lá. Bhí fear i gCilláthach agus glaodhadh "Fear Cilláthach" air. bhí tig ann istig i bport agus bhí sé mar bannc aige an uair sin agus sgadhtháluí do beadh é. Tháinig sé cúcha nuair a bhí cath ar leath-taoibh.
    Nuair chonnachadar ag teacht é chuireadar fear marbh ar sheasamh agus gunna fén a ucht, agus dubhairt Domhnall leis imtheacht síos agus an gunna do thabhairt aníos cuige. Chuaidh Fear Cilláthach síos agus d'iarr sé an gunna ar an bhfear marbh; agus ní thabharfadh sé dó é. Dhein Domhnall bhéarsa annsan:
    "A fhir chalma nár sheasamh linn i nam lá an bhruighin,
    Is gur gheallaise ar maidin dúinn go mbeannfea dís,
    Ba mhairg duit nách mar Sgaifire an Sreanntáin a bhí
    Agus h aigne cuir go seasathach ag roumsáil claidheamh"
    Sgaifire an Sreanntáin do beadh Muirecheartach O'Súilleabháin. Bhíodh sé ag sreanntáin fé'n a fhiachla. Nuair a chuala sé go raibh an cath ar suibhal d'eirig sé as a leabaidh fhiabhrais agus chuaidh sé féin a dhéin. Do marbhuigheadh Dú Dara insan chath; agus do síneadh amach é ar leac mhór leastuaidh dé Bhárnes agus dubhairt file éigin:- "An gairbhean garbh na gaoithe adthuaidh
    Mar a leagadh Dú Dara Mhac Suibhn ar uaig."
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. poetry
        1. folk poetry (~9,504)
    2. agents (~1)
      1. historical persons (~5,068)
        1. O'Sullivan Beare (~30)
    Language
    Irish
    Informant
    Pats Thaidhgín
    Gender
    Male