School: An Chathair Mhór (roll number 13249)

Location:
Knockroe Middle, Co. Cork
Teacher:
Donncha Ó Súilleabháin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0274, Page 200

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0274, Page 200

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Chathair Mhór
  2. XML Page 200
  3. XML “Dónall Cam”
  4. XML “Cuan na Cruinne”
  5. XML “Bás Dhomhnaill sa Spáinn”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Nuair a bhí Domhnall geall le claoidhte ag an Sasanach bhí a phictiúir thuas i ngach áit in Eirinn acht i gCiarraidhe. Agus é ar bhádh na Scealge tháinig cúig cinn d'átharaighe an tSasanaig timcheall air.
    "Fuilig bheith gabhtha", ar siad leis.
    "Táim toiltheamhnach leis", arsa Domhnall, "acht tagaidh annso ar bórd cúgham go mbeadh deoch fhíon' againn sar a dtógfaidh sibh mé"
    Chuadar ar bórd agus dubhradar leis na mairnéalaí a bhí sa phinnasaí aca dul thar nais agus fanamhaint go nglaoidhfidís féin ortha.
    Chuadar thar nais. Ní rabhadar abhfad ag ól an fhíona nuair a cheangal Domhnall iad agus chuir sé fé h-aistíbh iad. Nuair a thuit an oidhche annsan bhí leath bharaille taraig ar bórd ag Domhnall agus do las sé é agus do leig sé go breágh réidh san uisge é agus do mhúc sé a sholas féin agus siúd ó dheas thrí Súinte baoi é agus as san go Cuan na Cruinne sa Spáin.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. poetry
        1. folk poetry (~9,504)
    2. agents (~1)
      1. historical persons (~5,068)
        1. O'Sullivan Beare (~30)
    Language
    Irish
    Collector
    D. O' Suilleabhan
    Gender
    Unknown
    Informant
    Pats Thaidhgín
    Gender
    Male
  2. Cuan na Cruinne (Corruna)
    Seasamh ag geata Tig na mBocht i mBaile Caisleáin Bhéarra agus féac díreach ó dheas thrí Bhéal a' Chuain agus tá Cuan na Cruinne sa Spáin i n-aon líne leó araon-díreach ó dheas.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  3. Bhí fhios ag Muinntir Bhéarra go raibh Domhnall marbh sar a bhfuaradar aon sgéal ó'n Spáin. Do ghaibh an ghuth tríd an speír thar phairceanna an Fhoghmhair agus 'sé dubhairt an guth:
    Iarla Faoide agus Rí na Díseart agus Dún na Baoi na seólta;
    Tighearna tíorthach, biadhmhar, bruigheanmhar,
    Is ciach mo chroidhe thu a Dhomnaill
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.