School: An Chathair Mhór (roll number 13249)
- Location:
- Knockroe Middle, Co. Cork
- Teacher: Donncha Ó Súilleabháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Chathair Mhór
- XML Page 198
- XML “An Sprid”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí fear ina chomhnuidhe sa pharóiste seo fadó. Conn ab ainm dó. Bhíodh sé amuigh is d'oidhche go dtí a dó-dhéig a clog. Aon oidhche amháin nuair a bhí sé a'theacht abhaile do bhuail sprid uime. Do stop sí é. "Á", arsan sprid, "tá tú agam anois. Táim chun tú do mharbhúghadh". "Ná dein, ná dein ar son Dé" arsa Conn.
"Cuirfidh mé chun báis tú mara gcuirfidh tú líne filídheachta léna dá línese", arsan sprid.
"Abair iad", arsa Conn.
"Coineal is coinnleóir ann agus curifí leath-rann le ran", arsan sprid.
"Cuillean a baintear um Shamhain is cuirtear mar ceann ar thig", arsa Conn.
Ní dhéanfaidh san an gnó" arsa sí.
Do chúm Conn dá líne eile mar seo.
"Muilleann is uisge 'gá cheann
Is a'tuille aige thall is abhus", arsa Conn.
"Ní dhéanfaidh san an gnó acht cómh beag," arsan sprid.
"Triall airís", ar sise. "Níl acht aon seans amháin eile agat".
Seo mar adubhairt Conn.
"Dá mbeithteá sa bhFlaitheas Dé 'nam.
Ní bheithfeá id' shamhail annsan".
Do dhein san an gnó agus d'fhág sí an áit sin.- Collector
- Mícheál Ó Séaghdha
- Gender
- Male
- Age
- 13
- Address
- Canalough, Co. Cork
- Informant
- Máire Ní Sheaghdha
- Relation
- Grandparent
- Gender
- Female
- Age
- 83