Scoil: Inis Cléire, Dún na Séad
- Suíomh:
- Cléire, Co. Cork
- Múinteoir: Donncha de Búrca
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Inis Cléire, Dún na Séad
- XML Leathanach 129
- XML “Scéal”
- XML “Seanfhocail”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)cairrig go glaotar air "Leathain Mhór". Do chonaic sé fear eile ar an cairrig roimhis agus nuair a tháinig sé súas leis conaic sé gur stroinséar é agus d'iarraidh sé air cad é an sórt duine é nú cad a thug annsan é. D'innis sé don feár ón Gleann gur tháinig sé cun iarriadh ar an sagart na daoine a cuir Dia amach as Fláthas Dé an leoghfhadh Dia isteach airís iad an lá deirneach. Dúbhairt sé leis an fear ón Gleann dul ag tríalt ar tig a tsaghart. Cuaidh sé go dtí an tigh. Dubhairt an sagart leis gan dul sías níos sia ná bárr an cnoch agus a rádh leis ná leoghfhadh Día isteach go deó airís iad "Air do anam na téir síos ró fhada mar ceann dos na hAinghil a cuir Día amach as Neamh fadó a seadh é."Cuaidh an fear go dtí bárr an cnoc agus labhair sé leis an fear síos. Dubhairt an fear leis teacht sías i go raibh sé féin ag marbhú iasg an fhaidh a bhí sé ag tig a tsagart. Do bhí an carraig bán le h-iasg. Do léim sé amach ins an uisge agus d'árduig sé na caillidhe níos aoirde na mar a dhein aon gála mór roimhis sin ná ó shion. Cuaidh an fear díreach go dthí an sagart agus d'innis sé do cad a thárla agus is é a bhí sásta leis féin i dtaobh cómhairle an sagart a glachadh gan dul sías cuighe cun an iasg d'fhághailt mar is amlaidh a bhí sé á mealadh agus nuair do theip air do theasthuig uaig é bádh mar shásamh.Bailig: Eibhlín Ní Ceadhagáin, Gleann
Fuaireas ó: Tadhg Ó hAongusa, Gleann - An té a thabharfadh sgeul chughat, béarfadh sé dhá sgéul uait(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Eibhlín Ní Ceadhagán
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Gleann Iarthach, Co. Cork
- Faisnéiseoir
- Bean Tadhg Uí hAongusa
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Gleann Iarthach, Co. Cork