Scoil: Inis Cléire, Dún na Séad

Suíomh:
Cléire, Co. Cork
Múinteoir:
Donncha de Búrca
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0295, Leathanach 074

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0295, Leathanach 074

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Inis Cléire, Dún na Séad
  2. XML Leathanach 074
  3. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Do bhí bean ann fadó, agus bhí bó aice, an bhó do b'fearr a bí ag aoinne riamh, ach mar aon nídh a bhíonn ró mhaith do thainig an mí ábhmhar uirthi, do thuit an bhó breóidthe. Do bhí ana bhuairt an sean bhean bhocht agus d'innis sí don tsagart é. Do thainig an sagart dá feiscint agus sé a dubhairt sé ná:
    "má mhairfidh sí, mairfidh sí, agus má geóbhaidh sí bás, geóbhaidh sí bás."
    Do tháinig an bhó cuichi feín agus do bhí an buidhcheas go léir ag tseana bean ar an sagart. I gceann tamaill geárr ina dhiaidh sin do buaileadh an sagart féin bróidte agus do bhí sé ana olch. Ní raibh a leigheas ag méag ná ag múinteas, do thug na dochtúirí go léir suas é. Do bhí sé ag cur trioblóide ar an tseana mnaoi ná feadhfadh sí dul 'á fheiscint. Aon lá amháin do chuaidh sí go dtí an dorus agus d'iaraidh sí de chailín a' tsagairt an dorus a oscailt de chun go bhfeiceadh sí an sagart.
    "Cad a báil leat sa i trial air?" arsa an cailín, go dána.
    "Muire mar sin féin ba mhait liom an sagart bocht d'feiscint, mar is fadó do leigheas sé mo bhó dhom agus gan agam ach í."
    "Tair istheach mar sin," arsa an cailín, "feadfadh tú dul agus é d'feiscint"
    Chuaid sí go dtí an leabaidh ina raibh an sagart. Níor labhair sé in ao'cor léi ach d'aithin sé í. Do bhí sí ag siubhal tímhcheall na leapan agus í ag bualadh a bas, agus sé an rud do bhí ar siubhal aice ná,
    "má mhairfidh tú, mairfidh tú, agus má geóbhadh tú bás geóbhadh tú bás."
    "Is , má mairfhidh tú agus má geobhadh tú bás geobhadh tú bás" agus mar sin de.
    Annsan do chuimhnig an sagart air féin cad dubhairt sé leis an mbó fadó agus do thainig reacht mór gáirí air, agus do bhris ar an othras a bí isthig ann agus do tháinig sé chuige féin.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Cait Ní Drisceóil
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Comalán, Co. Cork
    Faisnéiseoir
    Tomás Ó Siothcháin
    Inscne
    Fireann
    Aois
    75
    Seoladh
    Comalán, Co. Cork