Scoil: Inis Cléire, Dún na Séad

Suíomh:
Cléire, Co. Cork
Múinteoir:
Donncha de Búrca
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0295, Leathanach 067

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0295, Leathanach 067

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Inis Cléire, Dún na Séad
  2. XML Leathanach 067
  3. XML “Scéal”
  4. XML “Scéal agus Rann”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    fear a chaill a hata ní feadfadh sé sin dul amach toisg go raib an draoideacht imtighthe uaid. D'imtig an cuidh eile leo is d'fhágadar an fear seo na diaig. Nuair a eirig fear a tíge ar maidin do cuir sé tógailt ar an fear is do cuireadh isteach sa priosún é. Ó Tiobradh Árann a beadh an fear do tugadhisteach sa tigne mbíod na daoine gá crochad d'iar sé seans ar a gcrocadóir gan é crochadh cun go gcuirfeadh sé iaraidh ar a hata a fhág sé sa tig (an) na raibh sé an oidhche roimis sin. Do cuaidh an fear ag iaraidh a hata agus nuair a táinig sé tarnais bhí an hata aige. Bhí sé in áirde sa sgallán cun é crochad agus d'iar sé a hata cun é cur air a ceann sar a gcrochfaí é. Do cuir sé an hata ar a ceann is dubairt sé léim abaile go Tiobradh Árann is d'imtig sé. Do cuireadh an tairmh á cuardhach chun é crochad ach ní feadfaidhís é fághailt. Do tugadar chúig bliana ga cuaradhach ach ní fuaireadhar é agus sin é an céud uair riamh gur táinig na chrocadóirí go bÉireann agus tá siad ag crochad daoine in Éirinn riamh ó shóin.
    Bailigh: Caitlín De Búrca. Cumhar, Inis Cléire
    Fuaireas ó: Pádraig Mach Coitir. Gleann, Inis Cléire.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.