School: Scoil na mBráthar, Cathair Saidhbhín (roll number 16702)
- Location:
- Cahersiveen, Co. Kerry
- Teacher: An Br. B. L. Mac Eoin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- You are not logged in, but you are welcome to contribute a transcription anonymously. In this case, your IP address will be stored in the interest of quality control.By clicking the save button you agree that your contribution will be available under the Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License and that a link to dúchas.ie is sufficient as attribution.
- (D) B'é Seosamh O Maolcroidhe a bhailig an cunntas seo ó Pádraig O Neill. Fear óg 'seadh an Néilleach a chuireann an-speis i mbéaloideas. Tá roinnt maith bailithe aige. Thug sé an t-eolas do Sheosamh imBeurla agus chuir sé féin Gaedhilg air.
Cathair SaidhbhínFuair an baile seo a ainm ó cathair abhí ag an mbainrioghain Sadhbh nó Saidhbhín fadó. Bhíodh an Chathair san láthair chéadna is atá an otarlann indiú.
Cathair na gCatTá an cathair seo inaice le Cathair Geal. Is ar eigin a chífeá a rian anois. Cathair na gCat a tugtaí air agus bhíodh sgéalta ages na sean daoine go gcloistí na cait ag gol ann ist-oidhche.
Dún AonairIn aice le Cuas Croma tá dun cuibhdheasach mór ar a dtugtar Dún Aonair tosc ná bíodh ach fear amháin á chosaint igcomhnaidhe. Tá lios in aice leis an dúin seo agus tá Crois breágh le feiscint ann. Annso tá roinnt cloch leis agus ógam Craobh ortha
Cathair na mBanTamaillín uaidh seo tá Cathair na mBan le feiscint.(continues on next page)