School: Scoil na mBráthar, Cathair Saidhbhín (roll number 16702)

Location:
Cahersiveen, Co. Kerry
Teacher:
An Br. B. L. Mac Eoin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0476, Page 429

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0476, Page 429

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Scoil na mBráthar, Cathair Saidhbhín
  2. XML Page 429
  3. XML “Scéalta Grinn”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. I n-aimsear na Féinne bhí sean-chailleach ann agus do thuit sí i n-grádh le fear darbh ainm Domhnall, agus gach áit a théigheadh Domnaill do casfadh an chailleach air. Níor thaithnigh sin ró-mhaith le Domhnall.
    Lá áirighthe bhí sé ag dul a ' seilg. Connaic sé an chailleach ag teacht chuige agus níor mhaith leis iompáil uaithe; acht ní raibh dul as aige mar a léimeadh sé trasna na h-abhann a bhí rómpa, ó'n fhaill i bhfus go dtí an fhaill thall. Thug sé faoi 'na dhéanamh acht theip air agus isteach san abhainn leis.
    Thug an chailleach an léim 'na dhiaidh agus d'éirigh léi. Nuair a shrois sí an taobh eile d'fhéach sí 'na timcheall ag féachaint cá raibh Domhnall , agus nuair a chonnaic sí gur thuit sé 'san abhainn chuir sí gáir magaidh aiste, "Muise nach mise an óinseach chriochnuighthe" adubhairt sí "agus grádh a thabhairt d'on spriosán sin". Tugadh "Coiscéim na Caillighe" ar an áit sin ó shoin i leith.
    Bhí bean shanntach i mBaile na Scealg fadó agus bhí ana-dhúil ag a fear-chéile ar feóil na
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. verbal arts (~1,483)
        1. jokes (~6,086)
    Language
    Irish
    Collector
    Mícheál Ó Súilleabháin
    Gender
    Male
    Address
    Oghermong, Co. Kerry
    Informant
    Bean Uí Shúilleabháin
    Relation
    Parent
    Gender
    Female
    Address
    Oghermong, Co. Kerry