School: Scoil na mBráthar, Cathair Saidhbhín (roll number 16702)

Location:
Cahersiveen, Co. Kerry
Teacher:
An Br. B. L. Mac Eoin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0476, Page 401

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0476, Page 401

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Scoil na mBráthar, Cathair Saidhbhín
  2. XML Page 401
  3. XML “Bean Dhubh an Ghleanna”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Fuaras an sgéal seo thíos ó buachaill scoile, Pádraig Ó Cathasaigh, ó limistéir na Rinne Áirde, lámh le Cathair Saidhbhín. B'í a mhathair, bean fheirmeora atá in-aois a deich mbliadhna is dhá fhichead, d'innis dó an sgéal ar dtúis. Scríobh sé síos de réir mar d'innis sí dhó é agus níor dheineas féin athrughadh nó ceartughadh ar bith air.

    Fadó fadó san aimsir Pagánach bhí áit speisíalta i nDairbhre cun daoine phósadh. Ní phósaidís istig sa tigh ach amuich fé'n spéir. Ritheadh an fear in diaidh na mná ar feadh cúpla míle go dtí áit 'na raibh dhá chloich 'na seasamh. Bhí poll san leach chlé agus chuireadh an bhean a lámh amach tríd an bpoll chun go gcuireadh an fear an fainne ar a meár. Tá na leacacha 'na seasamh san Oileán fós in-áit ar a tugtar "Rinn na gColán." Bhíodh draoidheacht éigin ag an mnaoi tar éis sin.
    Uair amhaín bhí bean san Oileán agus do mharbhuigheadh sí leanbhaí óga. Díbrigheadh as an Oileán í agus chuaidh sí cun an Ghleanna. Bhí sí fé draoidheacht tar éis an Phósta san Oileán. Do chomhnuidhigh sí san nGleann ar feadh tamaill. Fuair sí bás agus tar éis sin bhí sí ag dul timcheall na h-áite mar sprid. Aon duine a bhéadh amuigh, tar éis a dhó dhéag a chlog, bheadh cómhrac aice leis. Dá mbéadh sgian coise duibhe agat, nó maide droighin, nó cú fhíor dubh níor bhaoghal duit í, ach a mhalairt muna mbéadh.
    Oidhche amháin bhí fear óg ar thuras fada agus bhí sé ag marcuidheacht ar capall. Bhí sí sé tar éis meadhon oidhche nuair tháinig sé go dtí an Gleann. D'ollmhuigh sé é féin i gcóir na spride. Ní raibh sé ró-fhada ar an mbóthar san Ghleann, nuair tháinig sí
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Pádraig Ó Cathasaigh
    Gender
    Male
    Address
    Reenard, Co. Kerry