School: Scoil na mBráthar, Cathair Saidhbhín (roll number 16702)
- Location:
- Cahersiveen, Co. Kerry
- Teacher: An Br. B. L. Mac Eoin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)chúinne na páirce. Bhí fear an Daingin ana sheana chríonna agus do choinnibh sé a taidhreamh aige féinig "Taidhrigheadh dómsa dá raghfainn go Droichead Luimnighe go bfághainn airgead ann ach tá sé chómh maith againn dul abhaile". Nuair a chuaidh fear an Daingin abhaile d'innis sé dá mhnaoi cad dubhairt an fear leis. Dubhairt sí "amáireach" agus thug sé ramhann agus piocóid leis agus fuair sé leac san áit agus thóg sé féin agus a mhnaoi aníos an leac agus fuaireadar corcán óir fé'n lic agus bhíodar go sásta. Bhíodar ag déanamh úsáid de'n chorcán agus do bhí scríobhnóireacht ar an gcorcán nárbh bfhéidir le aoinne é a léigheamh. Ceann des na laetheannta ghaibh scoláire bocht an slighe agus do léigh sé an sgríobh ar an gcorcán agus sé bhí san corcán ná ná raibh aon nídh sa taobh seo seachas mar a bhí sa taobh eile. Do bhain sé aníos an taobh eile dé'n chlaidhe agus do fuair sé feircín óir ann. Do bhí sé go tábhachtach ó shoin san Daingean agus do mhair sé céad agus deich mbliadhain.
- Collector
- Tadg Ó Conchubhair
- Gender
- Male
- Informant
- Bean an Bhreathnaigh
- Gender
- Female
- Age
- 70
- Address
- Top Street, Co. Kerry